Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2016-11-23-Speech-3-210-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20161123.22.3-210-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"Go raibh maith agat, a Uachtaráin. Ghlacas páirt sa díospóireacht faoin ábhar seo ar maidin agus bhí sé soiléir go raibh an chuid is mó de na feisirí i bhfabhar rud éigin a dhéanamh faoi thruailliú aeir atá timpeall an domhain; agus tá sé seo le feiceáil in a lán tíortha mar a dúradh, tíortha fiú amháin san Aontas Eorpach, ach go háirithe in áiteanna cosúil leis an tSín agus Vítneam. Bhí sé de phribhléid agamsa bheith i mBéising agus anuraidh i Vítneam agus bhí sé le feiceáil go soiléir go bhfuil truailliú aeir ann: daoine go raibh orthu a n-aghaidh a chosaint dá bharr. Ach anois tá siad ag iarraidh rud éigin a dhéanamh faoi agus is é an rud is tabhachtaí ná go gcuirfimid i bhfeidhm na geallúintí a tugadh in COP 21 i bPáras anuraidh agus tar éis COP 22 in Marrakech tá dóchas agam go dtarlóidh a leithéid. I mo thír féin freisin chuir siad chosc ar thabac a chaitheamh in áiteanna poiblí cosúil le bialann agus tithe tabhairne agus cabhróidh sé go mór. Go raibh míle maith agat."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples