Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2016-06-09-Speech-4-087-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20160609.5.4-087-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, is dóigh liom gur thug na húdair cur síos an-mhaith ar cad atá ag tarlú sa Táidsíceastáin faoi láthair agus le blianta beaga anuas, go háirithe faoi réim an uachtaráin atá ann anois – b’fhéidir go ró-fhada.
Ba cheart gan dabht comhoibriú leo, ach ag an am gcéanna is ceart freisin brú a chur orthu chun leasuithe a dhéanamh go háirithe maidir leis an tslí a bhfuil siad á n-iompar féin maidir leis an lucht freasúra. Tuigimid gur ceart troid i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus na caimiléireachta, ach tá siad ag úsáid an troid seo chun teacht anuas ar an lucht freasúra. Táthar á gcur i bpríosún agus tá na dlíodóirí a chosain iad curtha i bpríosún.
Tá rialacha nua á dtabhairt isteach chun cosc a chur ar shaoirse an phreasa agus ar shaoirse na saoránach i gcoitinne. Dá bhrí sin, ba chóir dúinn, agus is ceart dúinn, a iarraidh orthu leasuithe a dhéanamh maidir leis sin agus go háirithe na príosúnaigh pholaitiúla agus na dlíodóirí a ligean saor."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples