Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2016-02-25-Speech-2-515-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20160225.33.2-515-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, arís vótáil mé le mo ghrúpa sna moltaí go léir anseo agus d’éirigh leis le móramh mór: 479 i bhfabhar agus 123 i gcoinne. Dar ndóigh, le blianta beaga anuas tá a lán margaí mar seo, comhréitigh leis na tíortha éagsúla á bplé againn agus á gcur ar an bhfód againn. Dar ndóigh, is ceart go ndéanfaimid ceann leis an Túinéis comh maith.
Ní dóigh liom go mbeidh an ceann seo chomh conspóideach le cuid de na cinn eile, go háirithe TTIP, mar a bhfuil a lán gearán agus conspóide faoi; ach cífimid cad a tharlóidh. Maidir leis an Túinéis, is ceart bualadh ar aghaidh leis. Ach mar a dúirt an Feisire Morvai, caithfimid a bheith cúramach freisin nach gcuirfimid isteach ar ár bhfeirmeoirí anseo san Eoraip chun comhréiteach a dhéanamh le haon tír eile."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples