Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-06-11-Speech-4-133-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20150611.15.4-133-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, cheapamar go raibh deireadh leis an lá go ndéanfadh tír amháin ionsaí ar thír eile san Eoraip. Faraor, nuair a d’ionsaigh an Rúis an Chrimé, tháinig deireadh leis an tuairim sin.
Dar ndóigh, bhí ar na tíortha éagsúla san Aontas – agus ar an Aontas i gcoitinne – athbhreithniú a dhéanamh ar a bpolasaithe agus is é sin atá ag tarlú anois. Bhí laghdú tagtha ar an méid airgid a bhí á chaitheamh ar chúrsaí míleata agus cosanta. Dar ndóigh, caithfear é sin a athrú; agus tá sé sin ag tarlú, mar níl a fhios ag aon duine cá stopfaidh Putin ag an am seo.
Bíodh sin ráite, caithfidh mé a rá gur tír neodrach í Éire agus nach bhfuilimid i NATO. Dá bhrí sin, staonamar i vótaí éagsúla a bhain le fórsaí míleata agus NATO. Ach, dar ndóigh, d’aontaíomar leis an tuarascáil i gcoitinne agus bhíomar sásta aontú lenár ngrúpa mar aonad."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples