Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2017-07-05-Speech-3-120-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20170705.6.3-120-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, táim ag labhairt inniu ar son Martina Anderson, comhghleacaí nach féidir a bheith inár dteannta ar maidin. Tá an Eastóin, cosúil le hÉirinn, tar éis fulaingt mar thoradh ar ghníomhaíochtaí a gcomharsan mór. Ní gá dúinn ach féachaint ar an stair maidir le hionsaí míleata agus slí bheatha ag ár gcomharsan féin. In Éirinn, táimid ag tabhairt aghaidh anois ar éiginnteacht de bharr ár gcomharsana móra atá tar éis vóta a chaitheamh ar an AE a fhágaint. Glacadh an vóta gan aon aird a thabhairt don phróiseas síochána in Éirinn nó gan aon aird ar an éiginnteacht shóisialta agus eacnamaíochta atá anois ag cnagadh ar dhoras mhuintir na hÉireann. Tá athruithe móra le feiscint san Eoraip le linn ár saol, agus anois arís, tá athrú mór eile ag druidim inár dtreo. I 1991, bhí an AE ábalta tacú le tíortha beaga, cosúil le bhur gceann, a bhí ag fulaingt de bharr fadhbanna le bhur gcomharsana móra. Ní mór don AE anois tacú le mo thír leis na deacrachtaí atá againn lenár gcomharsana móra. Ní mór don AE céim chun tosaigh a thógaint agus tacaíocht a thabhairt don chuid is mó de na daoine sa Tuaisceart atá ag iarraidh fanacht san Aontas Eorpach agus ní mór don AE tacú le stádas faoi leith d’Éirinn."@en1
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph