Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2017-07-04-Speech-2-718-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20170704.41.2-718-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, Is iad tosaíochtaí lárnacha do Bhuiséad 2018 ná cruthú fás eacnamaíochta inbhuanaithe; poist mhaithe, chobhsaí agus d’ardchaighdeán; comhtháthú socheacnamaíochta; an imirce agus ár ndualgais dhaonnúla; mar aon le aghaidh a thabhairt ar athrú aeráide. Is ceart bunúsach é an imeascadh sóisialta i gcomthéacs an chruacháis ina bhfuil go leor inimirceach agus ní mór aghaidh a thabhairt orthu agus acmhainní mar ba chuí a chur ar fáil i mBuiséad 2018. Mar aon leis sin, tá gá bearta sonracha a thacaíonn leis na réigiúin, go háirithe in Éirinn, tír a bheidh curtha uirthi go dona de dheasca scoir na Breataine ón Aontas Eorpach. Theip ar an EFSI an bhearna infheistíochta a líonadh ar fud AE. Ba cheart plean infheistíochta poiblí uaillmhianach a chur i bhfeidhm ar fud fad AE chun cabhrú le hinfheistíocht straitéiseach agus struchtúrtha, a sholáthróidh ardleibhéal breisluach sa gheilleagar, san earnáil phoiblí, sa chomhshaol agus sa tsochaí go ginearálta. Déanfadsa, agus mo comhghleacaithe i Sinn Féin, diúltú láidir d’aon iarrachtaí acmhainní a chur i dtreo míleatú AE nó do thaighde cosanta thar ceann AE. Ní hionann AE agus NATO, agus seasfaimid go láidir i gcoinne aon leathnú amach ar an gcomhghuaillíocht sa chomhthéacs Eorpach. Ba chóir go dtabharfadh Buiséad 2018 aire do dhaoine atá faoi bhrú in ionad féiríní a thabhairt do chuideachtaí ollmhóra nó arm ollmhór a chruthú ar mhaithe le lucht an rachmais. Caithfimid a bheith réadúil mar gheall air seo agus aghaidh a thabhairt ar na daoine go bhfuil géarghá acu leis."@en1
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph