Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2017-06-14-Speech-3-551-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20170614.35.3-551-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, cé go gcuirim fáilte roimh infheistíocht chun fostaíocht a chruthú, táim buartha go bhfuil an baol ann go mbeidh EFSI 2 chomh lochtach leis an gcéad cheann. Anois agus sinn ag lorg geallúint ar tuairim is 10 mbilliún breise as an mbuiséad, cé hiad na daoine is mó a bhainfidh buntáiste as so? Cinnte tá na focail chearta á n-usáid: infheistíocht níos mó i dtíortha go bhfuil geárchéim eacnamaíochta acu, an plean a bheith trédhearcach, díriú ar na gnéithe sóisialta. Ach an bhfuil an baol ann nach bhfuil iontu ach focail? Cá bhfuil an luach sóisialta? Bhí deis againn difríocht a dhéanamh anso ach tá ag teip orainn an difríocht sin a dhéanamh. Ag sodar i ndiaidh na hinfheistíochta príobháidí, ag freastal ar thíortha go bhfuil na hacmhainní acu chun an ciste a riaradh agus gan ach 4% don chiste ag dul i dtreo gnéithe sóisialta. Má táimid dáiríre i dtaobh aghaidh a thabhairt ar fhadbanna dífhostaíochta, éagothromaíocht shóisialta, géarchéimeanna tithíochta agus aire a thabhairt don ghlúin óg, caithfear treo nua ar fad a chur i bhfeidhm. Ní féidir bheith ag díriú ar son an mhionlaigh amháin, beidh buiséad laghdaithe againn gan dabht tar éis Brexit agus an baol ann nach mbeidh sé inbhuanaithe. Tugadh gealltanas sa chéad EFSI go mbeadh infhestíocht ar fáil do chomharchumainn shóisialta; bhí sé seo mar aidhm agus do theip glan air. Níl sé seo sásúil. Ní haon ionadh is dócha nach bhfuil aon mhuinín ag an pobal insan Eoraip seo ná i gcóras na mbanc. Brabús do na bodairí móra agus an tsochaí ag díol go daor as. Mar sin, cathain a bheidh Eoraip shóisialta á cruthú againn? Is é an nualiobrálachas atá i réim go soléir anso agus táim anois ag glaoch ar thacaíocht do na comharchumainn shóisialta sin arís."@en1
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph