Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2017-06-12-Speech-1-230-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20170612.20.1-230-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, táim chun labhairt anocht ar an gCairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh agus sinn ag ceiliúradh 25 bliana ó glacadh leis. Is conradh é atá chun cosaint a thabhairt do chainteoirí teangacha neamhfhorleathana. Is buncheist bheo í teanga san Eoraip mar atá sí sa bhaile; agus cheana féin tá an iomarca modhanna leithcheala á ndéanamh agus níl aon amhras ach go bhfuil cearta teanga daoine á sárú i gcás gach teanga réigiúnach dúchasach nó mionlach san Eoraip. Ní teanga mhionlach mo theanga, is í an Ghaeilge mo phríomhtheanga agus ba mhaith liom go dtabharfaí an t-aitheantas iomlán sin di. Tá sé tábhachtach go seasfaimid mar fheisirí go láidir ar son ceart teanga agus ar son ceart daonna, agus ba mhaith liom ardmholadh a thabhairt do gach feisire eile a labhrann anseo anocht faoin ECRML, fiú nuair nach raibh ateangaireacht ar fáil—rud atá scannalach. Tá ár dteangacha tábhachtach, ní amháin dár bhféiniúlacht ach dár bhféinmhuinín, dár n-éiceolaíocht, dár gcultúr agus níos mó. A chairde, mar a dúirt mé cheana féin, nuair a thagann sé go dtín ár gcearta teanga nó aon chearta eile go bhfuilimid ina dteideal, nílimid ag stopadh go mbeidh siad againn agus bí cinnte go dtiocfaidh ár gcearta agus, leis sin, go dtiocfaidh ár lá."@en1
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph