Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2017-06-01-Speech-2-157-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20170601.24.2-157-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, tá mórán fulaingthe ag muintir na hÚcráine, ar dtús nuair a bhí siad faoi smacht díreach na Rúise agus le déanaí agus an Rúis ag tógaint an Chrimé uatha agus ag iarraidh tionchar mífhéaráilte a bheith acu orthu. Ach dúirt muintir na hÚcráine ó 2013 i leith gur fearr leo féachaint siar ná soir agus dá bhrí sin is dóigh liom gur cinneadh maith é sin dóibh agus dúinne, agus tá sé ceart agus cóir go dtabharfaimid aitheantas ar an gcinneadh sin trí chabhrú leo chun a ngeilleagar a fhás, chun jabanna a chruthú agus chun a dtáirgí a dhíol. Agus dá bhrí sin, is dóigh liom gur maith an tuarascáil í chun seans a thabhairt dóibh easpórtáil isteach san Aontas agus is dóigh liom freisin go bhfuil moladh tuillte ag Uachtaránacht Mhálta as ucht teacht ar chomhréiteach faoi na moltaí is deacra a bhí sa tuarascáil seo, go háirithe mar a bhain le cúrsaí talamhaíochta. Tá súil agam go bhfuil saol maith roimh an Úcráin amach anseo agus go mbeidh siad mar bhall den Aontas lá éigin."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples