Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2017-04-06-Speech-4-147-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20170406.7.4-147-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, is rud uafásach, mhífhéaráilte, sean-nósach é an nós ‘pósadh leanaí’. Faraor, tá sé forleathan timpeall an domhain, agus measann an ghluaiseacht idirnáisiúnta ‘Cailíní, ní Brídeoga’ go mbíonn ar suas le 71% de chailíní faoi ocht mbliana déag d’aois pósadh.
Níl seo féaráilte. Is í an Bhanglaidéis ceann de na tíre is measa. Tá sé i gcoinne an dlí. Ach cén mhaitheas an dlí nuair a thugann an rialtas isteach leasú a cheadaíonn eisceacht i gcásanna speisialta? Cad is cás speisialta ann? D’fhéadfadh gach cás a bheith ina chás speisialta.
Dá bhrí sin, caithfimid brú a chur ar údarás na Banglaidéise an lúb ar lár seo a athrú agus freisin, ba chóir dúinn cabhrú leo chun oideachas a chur ar fáil agus chun cosc a chur ar an gcultúr a ligeann don sean-nós uafásach de phósadh leanaí tarlú agus é a stopadh go deo."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples