Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2017-04-04-Speech-2-559-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20170404.25.2-559-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, cé go bhfuil céimeanna beaga tógtha – agus cuirim fáilte roimh an tsolúbthacht sin, i ndáiríre cad is féidir linn a rá faoin Creat Airgeadais Ilbhliantúil seachas: ? An tseanreitric chéanna, na torthaí céanna agus na botúin chéanna; agus ní athróidh sé seo mórán. I measc na n-athruithe agus na neamhchinnteachta go léir atá os ár gcomhair, cuireann sé ionadh orm gur tháinig an Chomhairle ar ais chugainn leis na moltaí céanna a chuireadar os ár gcomhair i mí na Samhna. Bhí deis againn machnamh a dhéanamh ar na géarchéimeanna atá ag teacht aníos orainn agus dul i ngleic leo; dul i dtreo níos fearr dár bpobal, agus infheistiú ceart a dhéanamh i samhail eacnamaíochta éagsúil, a chuireann béim ar dhlúthpháirtíocht idir ár dtíortha agus laistigh dár sochaí. In Éirinn, agus ar fud na hEorpa aithníonn na daoine go bhfuil an tAontas Eorpach ag athrú. Cén fáth nach nglacann an Coimisiún leis na fíricí seo agus iad ag cur moltaí ar an MFF os comhar na Parlaiminte? Cén fáth nach n-aithnítear go bhfuil gá dul i ngleic leis an drochthionchar a bheidh ag Brexit orainne in Éirinn agus maoiniú agus tacaíocht a chur ar fáil dúinn – dár bhfeirmeoirí, dár dár n-aos óg ó thaobh fostaíochta de agus dár bpobail? Muna n-aithníonn an Coimisiún agus an Chomhairle go bhfuil an tAontas Eorpach ag tráth na cinniúna táimid i dtrioblóid, agus i dtrioblóid mhór. Caithimid aghaidh a thabhairt ar an eagla a chuir leis an toradh sa Bhreatain. Caithimid dul i ngleic leis na buarthaí sin atá ag daoine maidir leis an todhchaí agus treo chun cinn a aimsiú. Is crosbhóthar atá os ár gcomhair anois, agus tá sé thar am dúinn an treo ceart a thógaint; is é sin infheistíocht a dhéanamh in Aontas atá bunaithe ar dhaonlathas, dlúthpháirtíocht agus dul chun cinn sóisialta. É sin ráite, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Isabelle Thomas agus Jan Olbrycht as an obair fhónta atá déanta acu."@en1
lpv:unclassifiedMetadata
"Plus ça change"1
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph