Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2017-04-03-Speech-1-242-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20170403.22.1-242-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin Táim tar éis leasuithe mar a luaigh an tUasal Coonan san áit chéanna a mholadh ar reachtaíocht iascaigh maidir le tréithriú agus sonrú árthaí iascaireachta. Agus cé gur ghlac an Coiste leis seo níor cheadaigh an Chomhairle é, agus tá lochtanna an-mhór sa reachtaíocht mar nach sonraíonn sí idir iascaireacht mhionscála nó thraidisiúnta agus iascaireacht thionsclaíoch. Is cúis náire é gur chuaigh siad i gcoinne mo leasuithe maidir le tréithriú árthaí a thabharfadh aird ar ról sóisialta na n-árthaí, ar a dtionchar timpeallachta, cumas iascaireachta, éifeachtúlacht bhreosla, aschur agus scála. Tá dualgas ar an reachtaíocht tacú mar ba léir le rialáil na monarchana mara seo a dhéanann damáiste don timpeallacht, dár bpobail, agus dár n-iascairí mionscála. Cuireann an Comhbheartas Iascach, cobhsaíocht choibhneasta, agus córas ITQ rialtais anois ar a gcumas éisc a bhronnadh ar na creachadóirí idirnáisiúnta agus ag an am céanna gnáthiascaireacht a chuir ar mhíbhuntáiste. Tá gá le tréithriú agus sonrú teicniúil ceart a dhéanfaidh idirdhealú idir na hárthaí móra agus na cinn bheaga. Agus glaoim ar an bParlaimint vótáil ar son mo ráiteas a bheith curtha leis an iarscríbhinn. Agus tá súil agam go gcomhlíonfaidh an tUasal Coonan a gheallúint chun forbairt a dhéanamh ar an reachtaíocht seo agus plé a dhéanamh liom mar gheall air sa todhchaí."@en1
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph