Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2017-03-02-Speech-2-024-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20170302.2.2-024-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, go raibh maith agat, bhuel ar an gcéad dul síos cuirim fáilte roimh ghnéithe áirithe den tuairisc seo agus aithním cé chomh tábhachtach agus atá sé polasaithe den sórt seo a chur i gcrích. É sin ráite, tá imní orm nach bhfuil an clár ag cur dóthain béim ar an earnáil chultúir agus ag deireadh an lae is iad an chéad ghlúin eile a bheidh thíos leis mar go gcaillfidh siad an saibhreas atá bainteach lenár gcultúr. 1.45 billiún euro thar thréimhse seacht mbliana agus an Coimisiún ag rá linn níos luaithe go mbeidh seans go bhfuil breis airgid ar fáil. Tuigeann an Coimisiún gur éitheach é seo mar ní bheidh an t-airgead sin ar fáil. Ní bheidh sé sa bhuiséad. Tá Brexit ag tarlú mar is eol dúinn ar fad, tar éis 2020 ní bheidh an t-airgead ann chun é seo a chur mar thosaíocht. Ba chóir an fhírinne a insint mar gheall air sin agus gan a bheith ag cur dallamullóg ar dhaoine sa teach seo.
Tá sé soiléir nach bhfuilimid ag cur luach ar ár gcultúr. Feicimid an costas agus cén fáth nach féidir linn an luach sin a fheiceáil chomh maith. Tá luach ann don gheilleagar. Tá luach ann don earnáil chultúir agus tá luach ann i dtaobh fostaíocht a chruthú. Ní hamháin do na ceantair shaibhir ach do cheantair gur minic nach bhfuil acu ach a gcultúr mar ábhar luachmhar. Anois an t-am chun an fhís fhadtéarmach seo a chruthú don earnáil. Go raibh maith agat."@en1
|
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples