Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2017-03-01-Speech-1-361-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20170301.25.1-361-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, is é inniu an chéad lá de cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge 2017. Is fiú a rá gur ceiliúradh idirnáisiúnta é seo, agus dá bhrí sin, táim thar a bheith sásta fáilte mhór a chur roimh thoscaireacht daltaí ó ghaelscoileanna éagsúla, Gaelscoil na Bruiséile ina measc, agus beidh siad ag teacht anseo an tseachtain seo chugainn chun na Parlaiminte. Glacfaidh na daltaí páirt i gcluichí rólghlactha trí mheán na Gaeilge. Is díospóireacht bheo leanúnach í cearta teanga. In Éirinn, mar shampla, tá ár rialtas féin ag déanamh faillí ar ár bpobal Gaeilge le heaspa seirbhísí agus easpa aitheantais. Tá dearcadh rialtas na Breataine scannalach i dtaobh ár dteanga dhúchasach agus níl sé toilteanach Comhaontú Chill Rìmhinn a chomhlíonadh maidir le hAcht na Gaeilge. Tá sé chomh tábhachtach dár bhféiniúlacht, dár gcultúr agus do chearta daonna go seasfaidh an tigh seo lenár gcearta teanga. Is páirt dár bhféinmhuinín, dár n-éiceolaíocht agus dár gcultúr í an Ghaeilge. Bímis bródúil agus mórtasach aisti agus tugaimis teachtaireacht láidir do na glúine atá amach romhainn gur sheasamar an fód agus, gan dabht, tá an focal deireanach ag an mbean ón nGaeltacht sa tigh seo anocht, mar sin bainigí taithneamh as an gcuid eile den oíche."@en1
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph