Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2017-02-14-Speech-2-055-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20170214.3.2-055-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, táimid ar fad ar an eolas faoin domhan agus na dúshláin ollmhóra atá ós ár gcomhair. Mar thoradh ar agus an méadú atá ar an eite dheis, is léir go bhfuil sé ag cur leis an éagobhsaíocht agus tá an easpa achmhainní buiséad ag cur leis an mbrú daonna. Gan dabht, tá sé seo ag cruthú easpa muiníne san Aontas Eorpach agus ní haon ionadh é seo. Is é seo an cás d’Éirinn in ainneoin an cás is fuafaire atá sa tuarascáil faoi bhisiú. Oibríonn frámaíocht rialachais eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh cosúil le seaicéad díreach. Tá an comhshocrú fioscach ag cur stop le tíortha cosúil le Éire ó infheistiú in infrastruchtúr atá ríthábhachtach. Tá géirchéim againn i sláinte, i dtithíocht agus tá fadhb mhór againn i dtaobh easpa dídine. Mar shampla, in Éirinn in 2017, tá na mílte daoine gan baile agus paistí ina measc. Tá seo scannalach agus tá sé náireach. An t-aon fhreagra ar na fadhbanna seo ná infheistíocht chaipitil atá saor ó dhaoine. Chun cruthú suntasach a bheith againn, nó chun athrú suntasach a bheith againn, caithfidh an tAontas Eorpach béim a chur ar infheistíocht infrastruchtúr a thógáil ar an bhfíorgheilleagar. Caithfidh an tAontas Eorpach a chinntiú go bhfuil tacaíocht ann do na tíortha atá ag fulaingt de dheasca dífhostaíochta, dóibh siúd atá ag fulaingt de bharr banc nach bhfuil ag feidhmiú ar son comhlachtaí beaga nó ar son na ngnáthdhaoine agus caithfidh an tAontas Eorpach tacú níos láidre maidir le cláracha LEADER, lenár bhfeirmeoirí agus iascairí agus le cláracha a cruthaíonn slí beatha. Ní féidir lenár ndaoine cur suas le breis dhaonna agus neamhchinnteacht níos mó. Tá todhchaí dearfach tuillte ag ár bpobal agus tá sé thar a bheith in am go gcuirfí é sin san áireamh anois."@en1
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph