Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2017-01-18-Speech-3-116-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20170118.15.3-116-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, comhghairdeas ar do phost mar Leas-Uachtarán. Níl aon aontú ar athbreithniú an MFF agus is earra maolaitheach atá againn anois leis an ngeilleagar. Táimid ag pointe an-chriticiúil san Eoraip agus sa domhan fiú. Tá impleachtaí ollmhóra ann mar gheall ar Brexit agus tá gort nua ar fad á threabhadh ag Trump sna Stáit Aontaithe. Mar sin, tá dualgas orainne anois aire níos mó ná riamh a thabhairt dár dtodhchaí agus sin é an t-aos óg. Tá faillí mhór déanta ag an dtigh seo orainne gan aon rian ar thodhchaí dhearfach níos fearr dóibh. Tá níos mó tosaíochta á tabhairt d’fhórsaí míleata ná d’fhórsaí sóisialta. Tá caint ar bhreis infheistíochta a dhéanamh san ESFI. Níor oibrigh an chéad stráice de mar a bhí samhlaithe agus anois táimid ag caint ar an mbeart céanna a dhéanamh arís. Tá fíricí ann a léiríonn nach bhfuil na SMEs ná na comhair chumainn ná an geilleagar sóisialta ag fáil aon rud fónta as. Is léir go bhfuil sé ag freastal ar an earnáil phríobháideach agus aige siúd atá gan acmhainní: titim anuas den dréimire. Easpa ceannaireachta, easpa tuisceana, easpa toill pholaitiúil agus easpa uaillmhéine. Caithfidh an Chomhairle agus an Coimisiún dul i ngleic leis na dúshláin agus dúiseacht suas go dtí an géirchéim seachas an reitric sheafóideach chéanna."@en1
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph