Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2016-12-14-Speech-3-075-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20161214.7.3-075-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"Go raibh maith agat, a Uachtaráin. Caithfidh mé a rá go bhfuil EFSI agus an tionscnamh, ‘Ógfhostaíocht’ go bunúsach thar a bheith lochtach. Seasann dífhostaíocht ár n-óige in Éirinn, mar shampla, os cionn 15% leis na céadta mílte dár n-aos óg ar imirce cheana féin. Labhraimid mar gheall ar ár ndaoine óga mar dhream éigin atá sa todhchaí agus ní thugann an Chomhairle aon tosaíocht dóibh inniu, ach b’fhéidir sa todhchaí. “Mair, a chapaill agus gheobhair féir” is é an dearcadh gan aon infheistíocht láithreach a chur ar fáil chun fostaíocht a chruthú chun deis a thabhairt dár bpobal óg saol a chruthú dóibh féin. Teip mhór eile, gan dabht, is ea EFSI nó plean Juncker. Fós, gan aon torthaí suntasacha le feiscint, níl sé trédhearcach, níl sé ag freastal orthu siúd atá i gcruachás i dtaobh rochtain ar airgead chun infheistiú in SMEnna; níl aon rud simplí faoi agus, cinnte, níl sé ag freastal ar na comharchumainn ná ar an bhfiontar sóisialta mar a bhí geallta. Táim ag glaoch anois ar réiteach a fháil air seo, leis an gcruinniú seo atá ag teacht aníos; agus achmhainní fónta a chur ar fáil seachas bheith ag teip ar an bpobal arís agus arís eile agus ag sodar i ndiaidh na mbodairí móra!"@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph