Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2016-12-12-Speech-1-241-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20161212.18.1-241-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, tá seoladh Phrótacal Donostia le bheith ann ar an Satharn. Is uirlis nua é seo ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus an aidhm atá aige ná cosaint a thabhairt do chainteoirí teangacha neamhfhorleathana. Is buncheist bheo í an teanga san Eoraip, mar atá sa bhaile. Cheana féin tá an iomarca modhanna leithcheala á ndéanamh, agus níl aon amhras ach go bhfuil cearta teanga daoine á sárú i dtaca le gach teanga réigiúnach, dhúchasach nó mhionlaigh san Eoraip. In Éirinn, mar shampla, tá ár rialtas féin mar aon le rialtas na Breataine ag déanamh neamhaird de chothromaíocht na Gaeilge ó Thuaidh de dheasca a neamhthoilteanas Comhaontú Chill Rìmhinn a chur i ngníomh agus Acht na Gaeilge a reáchtáil. Anois, tá sé tábhachtach go seasaimisne, mar Fheisirí, go láidir ar son cearta daonna agus ar son cearta teanga. Tá ar dteangacha tábhachtach, ní hamháin dár bhféiniúlacht, ach dár bhféinmhuinín, dár n-éiceolaíocht, dár gcultúr agus níos mó. Nuair a thagann sé go dtí ár gcearta teanga nó aon chearta eile atáimid i dteideal, nílimid ag stopadh go mbeidh siad againn; agus bí cinnte go dtiocfaidh ár gcearta leo, agus leis seo go dtiocfaidh ár lá."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph