Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2016-11-30-Speech-1-073-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20161130.12.1-073-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"Go raibh maith agat, a Chathaoirligh. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis na rapóirtéirí as an obair atá déanta acu chuige seo.
A Choimisinéir Korčok, táthar ag moladh i mBuiséad Leasaitheach Uimh. 4 de 2016 go mbeidh ísliú de EUR 7.4 billiún ar ranníocaíochtaí ó na Ballstáit. Cuir leis seo Buiséad Leasaitheach Uimh. 5 ina mbeidh ísliú ar ranníocaíochtaí ó Ballstáit do 2017. Táthar anois tar éis airgead fíor, a raibh níos mó de ann ná an t-airgead úr seo atáthar ag tagairt dó – tá tú tar éis é sin a ghearradh. Is droch-chinneadh, drochphlean agus drochthoradh é, cosúil le Plean Junker a bhí ann chun an AE a tharrtháil – rud nár dhein caithfidh mé a rá.
Ar phointe eile, ba mhaith liom tagairt a dhéanamh d’Éirinn atá neodrach. Táimid tiomanta, agus má fhéachann tú siar ar ár stair – go háirithe ar an bpróiseas síochána – ní féidir linn tacaíocht a thabhairt don struchtúr cosanta Eorpach ar chostas coinníollacha maireachtála ár ndaoine. Is maith an rud é go bhfuil solúbthacht ann, ach gan dabht braitheann solúbthacht ar thosaíochtaí.
Caithfear leanúint ar aghaidh leis an bplé seo agus caithfear freagracht a ghlacadh agus toradh dearfach a aimsiú."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples