Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2016-11-21-Speech-1-080-500"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20161121.12.1-080-500"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"Mar thoradh ar an bhfiosrúchán ar bhaincéireacht na hÉireann, tá a fhios againn go raibh an Banc Ceannais Eorpach chun tacaíocht a ghearradh do bhainc na hÉireann dá mbeadh aon bhagairt ann do na sealbhóirí bannaí.
Anois, tá géarchéim tithíochta againn sa bhaile agus tá na bainc ag súil le brabús tapaidh a dhéanamh as. Is iad seo na bainc chéanna a tharrtháil muintir na hÉireann agus atá fós á dtarrtháil acu. D’oibrigh na príomhbhainc le chéile chun rátaí úis morgáiste chomh hard leis an spéir a chur i bhfeidhm, beag nach a dhá oiread níos airde ná an meán don limistéar Euro. Tá os cionn 100 000 teach tar éis titim isteach i riaráistí.
Cé gur dhein an freasúra moladh chun caidhp a chur ar rátaí, thacaigh an rialtas leis na bainc seachas tacú leis na daoine. Ní haon ionadh an moladh a d’fhoilsigh BCE ar an Aoine ag tabhairt foláirimh a bheith cúramach maidir le caidhp a chur ar na rátaí. Sin masla don phobal atá faoi bhrú maidir lena dtithe cónaithe a choimeád. Ba chóir go mbeadh dualgas ar BCE aitheantas agus freagracht a ghlacadh as tionchar a gcuid polasaithe ar an bpobal agus seasamh leo."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples