Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2016-10-26-Speech-3-187-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20161026.16.3-187-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, ar dtús ba mhaith liom na feisirí go léir a oibríonn ar an mbuiséad a mholadh. Is obair dheacair, thuirsiúil é agus tá moladh tuillte acu as ucht é a dhéanamh ar ár son. Ba mhaith liom díriú ar alt amháin, is é sin alt 99, maidir leis an suíochán singil nó aonair, nó suíochán amháin a bheith againn. Bhí 501 feisire as 688 ina fhabhar seo inniu. Agus dar ndóigh tá sé in am deireadh a chur leis an dá shuíochán. Ní luíonn sé le réasún, ó thaobh athrú aeráide agus na hastaíochtaí a ghabhann leis, ní luíonn sé le réasún ó thaobh an geilleagar agus na costais mhóra, na milliúin a ghabhann leis agus ní luíonn sé le réasún ó thaobh an strus a chuireann sé ar dhaoine a bheith ag teacht anseo seachtain amháin agus ansin ag dul go dtí an Bhruiséil seachtain eile. Go raibh míle maith agat, a Uachtaráin."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples