Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2016-10-25-Speech-2-716-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20161025.50.2-716-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, cé go gcuirim fáilte roimh sholúbthacht agus simpliú an CAI (an Creat Airgeadais Ilbhliantúil), fós féin caithfidh mé a rá go bhfuilim imníoch. Ba chóir do chuspóirí agus tosaíochtaí na Parlaiminte díriú isteach ar chomhionannas agus ar chothromaíocht, chun tacú leo siúd is mó atá i mbaol inár sochaí. Ní féidir linn leanúint ar aghaidh gan dealramh agus sinn ag dul ó ghéarchéim go géarchéim. Táim ag labhairt mar gheall ar Ghéarchéim na dTeifeach agus ar an nGéarchéim Dhéiríochta. Ní imeachtaí gan choinne a bhí sa dá scéal seo. Tá dualgas ar an gComhairle agus ar na rialtais fiú díriú isteach ar réitigh agus tá deis acu anois leis an athbhreithniú seo. Tá dualgas orthu a bheith freagrach agus éisteacht a thabhairt don Pharlaimint atá tar éis a rá arís agus arís eile go bhfuil riachtanas ann acmhainní fónta a chur ar fáil. Níl aon infheistiú ann i dtaobh fostaíocht do dhaoine óga mar shampla, cé gur tosaíocht atá ann ag an gComhairle. Ar a laghad, tá dlúthpháirteachas á thaispeáint ag an bParlaimint i dtaobh glacadh leis na riachtanais atá ann chun leanúint ar aghaidh de bheith ag tacú leis an bPróiseas Síochána i dTuaisceart Éireann ag féachaint d’impleachtaí an Bhreatimeachta. Tá dualgas orainn anois dul i ngleic leis na mórphointí atá ag cruthú éagothromaíochta agus míchothromaíochta agus tá dualgas orainn stad a chur leo siúd a dteastaíonn uathu buiséad an Aontais Eorpaigh a ísliú."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph