Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2016-10-03-Speech-1-216-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20161003.19.1-216-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, bhí sé de phribhléid agamsa a bheith mar ionadaí ar son na Parlaiminte i bPáras i mí na Nollag, nuair a d’éirigh linn COP 21 – an comhréiteach domhanda stairiúil sin – a bhaint amach. Dar ndóigh thug an Coimisiún, go háirithe an Coimisinéir Arias Cañete, an-cheannasaíocht insna cainteanna sin.
Anois, caithfimid é a chur i bhfeidhm. Arís, tá moladh ag dul go dtí Uachtaránacht na Slóvaice mar gur éirigh leo tacaíocht a fháil ó na hAirí chun glacaint leis an gcomhréiteach sin. Anois tá an sprioc de 55% a bhí riachtanach bainte amach againn agus is féidir linn dul chun cinn maith agus éifeachtach a dhéanamh i Marrakech an mhí seo chugainn. Agus beidh mé féin ann arís, buíochas le Dia.
Ach ina dhiaidh sin, beidh orainn sa Pharlaimint agus san Eoraip ár spriocanna féin a bhaint amach agus caithfimid é sin a dhéanamh gan cur isteach ar iomaíochas an Aontais, jabanna, fás, geilleagar agus mar sin de. Ach is féidir linn é a dhéanamh má chuirimid agus oibrímid le chéile. Tá súil agam go n-éireoidh linn é sin a dhéanamh."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples