Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2016-10-03-Speech-1-210-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20161003.19.1-210-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, ba mhaith liom tacú leis an méid atá ráite ag na Feisirí ó Éirinn maidir le Brexit, ach táim anseo chun labhairt faoin gclár LEADER tráthnóna mar go bhfuil sé práinneach. Is léir go bhfuil fadhbanna ollmhóra ceangailte leis an bpróiseas nua; is clár iontach é LEADER agus tugann sé spreagadh agus tacaíocht d’fhorbairt eacnamaíochta inár mbailte beaga agus pobail tuaithe. Tá go leor fianaise ann trí na blianta gur oibrigh sé go maith mar chlár agus gur cruthaíodh neart postanna dá bharr. Ní thuigim mar sin cén fáth go bhfuil an méid sin ciorruithe déanta insan gclár féin. Ní thuigim cén fáth gur aistríodh na rialacha agus go bhfuil sé anois faoi smacht na bpolaiteoirí seachas an pobal. Níl sé trédhearcach agus níl sé féarálta agus níl aon soiléiriú ann maidir leis an bpróiseas. Tá an t-am anois ann don gCoimisiún ceisteanna a ardú faoin slí ina bhfuil an clár seo ag feidhmiú. Is iad ár bpobal atá ag fulaingt gan an maoiniú, agus is measa atá an scéal seo ag éirí. Ba mhaith liom go dtabharfaí aird ar an gceist thábhachtach seo."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph