Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2016-09-14-Speech-3-695-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20160914.37.3-695-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, cé go bhfuil fiúntas éigin ag an tuairisc seo, caithfidh mé a rá gur ábhar díomá é nach bhfuil aon rud fónta ráite acu mar gheall ar riachtanais éagsúla fiontar beag agus meánmhéide. Mar is eol dúinn, bhuail an ghéarchéim airgeadais earnáil na bhfiontar beag agus meánmhéide go crua. Ó 2008, gearradh siar ar na seirbhísí a bhí ann chun cabhrú leis an earnáil seo. Níor cheart agus níor chóir píonóis a chuir ar na cuideachtaí ríthabhachtacha seo nuair atá bronntanais cánacha á mbronnadh ar chuideachtaí ollmhóra ilnáisiúna. Gan dabht, táim ag tagairt, ar ndóigh, do chás Apple agus an comhaontú cánach a dheineadar le rialtas na hÉireann. Ní hé Aontas na Margaí Caipitil an freagra ach oiread. Baincéireacht phoiblí, iasachtaí le hús íseal agus tacaíocht d’fhorbairt a dhéanamh ar scileanna fiontraíochta, tá siad seo thar a bheith tábhachtach chun an earnáil seo a chosaint, a fhorbairt agus a láidriú. Níor cheart go mbeadh rochtain creidmheasa mar chonstaic dár bhfiontair bheaga agus mheánmhéide. Is bunchloch ár ngéilleagair iad na cuideachtaí seo. Cruthaíonn siad postanna agus cuireann siad le forbairt eacnamaíochta áitiúil."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
"Dréachtóir do thuairim an Choiste um Buiséid"1
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph