Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2016-07-07-Speech-4-357-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20160707.27.4-357-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, tar éis éisteacht leis an díospóireacht seo tá mé níos trína chéile ná mar a bhí mé nuair a tháinig mé isteach, mar is léir go bhfuil fadhb mhór ann maidir leis an ábhar seo ach nach bhfuil réiteach na faidhbe ró-shoiléir.
Ag an am gcéanna, caithfidh mé a rá gur ceart don Choimisiún a bheith solúbtha agus gur chóir dóibh na prionsabail, go háirithe mar a bhaineann le cearta sibhialta agus cearta daonna, a chur i bhfeidhm ach ligean do na Ballstáit a rialacha féin a leagan síos mar tá an tionscal iompair seo an-difriúil ó thír go tír.
Maidir le mo thír féin, tá mé i dteagmháil le húdaráis sa tionscal go minic agus tá fadhbanna móra acu maidir le rialacha na hEorpa mar is oileán í Éire, agus chun dul go dtí an mhór-roinn caithfidh siad ar dtús dul ar an bhfarraige agus caithfear na rudaí sin a chur san áireamh nuair a bhímid ag leagan síos rialacha."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples