Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2016-07-05-Speech-2-519-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20160705.22.2-519-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an dá rapóirtéir, Isabelle Thomas agus Jan Olbrycht.
Ar an gcéad dul síos, tá an geilleagar ina phraiseach agus ní ag dul i bhfeabhas atá sé. Feicimid anois go bhfuil an Iodáil i dtrioblóid; tá líon na dteifeach ag dul i méid; tá géarchéimeanna talmhaíochta againn; géarchéim fostaíochta i measc ár n-aos óg ach go háirithe; agus tá Brexit gan dabht tar éis éiginnteacht a chruthú san Eoraip.
Níl faic cloiste againn uaidh an gCoimisiún. Agus cé go bhfuil tagairt déanta sa tuarascáil seo do na dúshláin ollmhóra atá os ár gcomhair, nílim dóchasach go dtabharfaí aird orthu. Caithfear treoir nua a ghlacadh, treoir a chuirfidh na daoine chun tosaigh agus a dhéanfaidh infheistíocht réadúil inár bpobail agus inár sochaí agus stop a chur le polasaithe déine nach bhfuil ach ag tacú leis na bainc agus leo siúd go bhfuil ualach airgid acu.
Níor tugadh an deis dúinn sa Tigh seo ionchur réadúil nó athbhreithniú réadúil a chur i bhfeidhm ins an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil. Mar sin, táim ag impí ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle éisteacht agus aird a thabhairt ar ghuth an phobail agus treoir nua a ghlacadh."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples