Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2016-06-23-Speech-2-232-000"
| Predicate | Value (sorted: default) |
|---|---|
| rdf:type | |
| dcterms:Date | |
| dcterms:Is Part Of | |
| dcterms:Language | |
| lpv:document identification number |
"en.20160623.37.2-232-000"2
|
| lpv:hasSubsequent | |
| lpv:speaker | |
| lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, dar ndóigh is tuarascáil fhíorthábhachtach í seo agus bhí sí conspóideach chomh maith. Ag an am gcéanna caithfear moladh a thabhairt don rapóirtéir ó mo ghrúpa féin, an Feisire Pieper, a rinne an-chuid oibre ar fad cé nár éirigh leis ag deireadh na dála comhréiteach a fháil leis na grúpaí maidir leis na vótaí go léir. Mar sin bhí vótaí an-tábhachtacha ag ár ngrúpa, agus nuair a chaill siad na vótaí sin mhol an grúpa go vótálaimis i gcoinne na tuarascála ag an deireadh.
Níor vótáil mé i gcoinne na tuarascála ag an deireadh mé féin; chuaigh mé i gcoinne mo ghrúpa. Ó mo thaobh féin de agus ós rud é go rabhas i bPáras agus go rabhas ag plé leis seo agus go bhfuilim ag caint faoin tábhacht a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite agus mar sin de, ceapaim gur ceart vótáil i bhfabhar agus sin é a rinne mé ag deireadh na dála. Tá súil agam go bhféadfaimid an chonspóid a réiteach amach anseo."@en1
|
| lpv:spokenAs | |
| lpv:unclassifiedMetadata | |
| lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples