Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2016-06-22-Speech-1-244-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20160622.23.1-244-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, níl aon cheist ann ach go bhfuil conspóid ann maidir le tuirbíní gaoithe ar fud na hÉireann. Tá buarthaí agus ceisteanna ann faoin bhfothrom agus faoin mbagairt don fhiadhúlra, faoi chúram sláinte agus faoin gcuma atá orthu maidir lenár dtírdhreach álainn. Cé go dtacaíonn Sinn Féin go huile agus go hiomlán leis an úsáid is mó a bhaint as foinsí fuinnimh nua agus gan a bheith ag brath ar bhreoslaí iontaise, ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil aon fhorbairt a dhéantar ar thionscal an fhuinnimh, cosúil le muilte gaoithe, déanta i gcomhpháirtíocht le pobail áitiúla. Caithfear próiseas trédhearcach agus comhairliúchán oscailte poiblí a chur mar thosaíocht ar gach céim d’aon fhorbairt bhonneagair – go háirithe agus sinn ag caint ar ár dtimpeallacht. Ní tharlaíonn sé seo, is baolach, agus tá sé sin feicthe agam féin i mo thoghcheantar féin mar shampla nuair a thug Comhairle Chontae Chorcaí cead pleanála do thuirbíní gaoithe i gceantar go bhfuil aitheantas faoi leith tugtha dó mar limistéar caomhantais speisialta. Níl sé seo sásúil in aon slí. Ba chóir úinéireacht a roinnt, ar a laghad leis an bpobal, agus gurb é an pobal áitiúil atá ag baint brabúis agus tairbhe fónta as an saghas seo forbairtí. Agus níos tábhachtaí fós, go bhfuil an chumhacht ag an bpobal a bheith bainteach le haon phleanáil."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph