Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2016-06-08-Speech-3-032-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20160608.8.3-032-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, bliain tar éis plean infheistíochta an EFSI táimid anseo chun éisteacht leis an athbhreithniú faoi. Is é seo an plean mór, gan dabht, a bhí chun an tAontas Eorpach a tharrtháil. Is baolach go bhfuil sé soiléir, faoi mar a dúras cheana féin, nach bhfuil an plean seo ag obair. Bhí an EFSI chun infheistíocht réadúil a chruthú go háirithe sna tíortha sin a bhí i gcruachás de dheasca polasaithe déine. Bhí an EFSI chun infheistíocht a dhéanamh ar thaighde nuálaíoch, tionscail inbhuanaithe agus glas, fiontair shóisialta, SMEs, comharchumainn; is iad seo an chnámh droma d’aon fhíorgheilleagar. Ach níl fiú an t-eolas búnusach acu seo ar conas éileamh a dhéanamh ar an EFSI. Tá iasachtaí an BEI ag titim go mór ar an breisíochtaí a bhí geallta. Cruthaíodh formhór den infheistíocht i SMEs i lár agus in oirthear na hEorpa. Bhí infheistíocht de EUR 2 bhilliún as an EUR 3.5 billiún caite anseo. Ach cé mhéad post a cruthaíodh? Cad iad na tíortha a bhain tairbhe as? Cad iad na tíortha go bhfuil an gá is mó acu le hinfheistíocht? Do luadh, ó na hoibríochtaí EFSI atá ceadaithe go dtí seo go bhfuil timpeall 85% den infheistíocht iomlán le teacht ó infheisteoirí príobháideacha agus poiblí eile lasmuigh den ghrúpa BEI. Ach abair liom: cad é an céatadán d’infheistíocht phríobháideach atá i gceist? Cad atá i gceist le hinfheistíocht eile poiblí? An infheistíochtaí áitiúla agus infheistíochtaí údarás réigiúnach iad; an infheistíocht ár mBallstát, ár gcánacha atá i gceist? Faoi mar atá feicthe againn in Éirinn, tá EUR 200 milliún infheistithe cheana féin in Uisce Éireann, agus is iad na gnáthdhaoine a bheidh ag díol go daor as seo; an cáiníocóir atá ag díol as uisce cheana féin. Ní mór na botúin a deineadh lenár n-airgead, a íocadh trí cháin, a cheartú, agus deirtear linn nach gá athruithe a dhéanamh ar an MFF chun saol an EFSI a leathnú níos faide ná 2018. Ach tá deontais airgeadais agus maoiniú ón AE laghdaithe go mór agus caithfimid aghaidh a thabhairt ar seo."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph