Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2016-05-09-Speech-1-183-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20160509.18.1-183-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, tá prionsabail agus gnéithe uaisle laistigh de na Comhaontuithe Comhpháirtíochta Iascaigh, agus tá fiúntas ag gabháil leo, cinnte, go háirithe nuair a ghlactar leis gur mórcheist thábhachtach é maidir le slándáil an tsoláthair bia sa Mháratáin. De bharr ganntanas talún arúil, is féidir leis an tionscal iascaireachta cur le soláthar bia chun é a shlánú sa tír. É sin ráite, is léir nach bhfuil an Coimisiún ag déanamh soilís don Libéir agus don Mháratáin agus iad i mbun idirbheartaíochta chun cead isteach a thabhairt do níos mó flíteanna móra. Mar a tharla i gcás na hÉireann roimh dul isteach san CEE di i 1973, is cosúil nár bhac éinne le comhairle nó ionchur iascairí na Libéire a fháil maidir leis an gcomhaontú áirithe seo. Níl sé soiléir ar tharla aon phróiseas comhairliúcháin sa Mháratáin, ach tá dearcadh ann go forleathan go bhfuil caimiléireacht déanta ag na hEorpaigh agus nach bhfuil méid na n-íocaíochtaí comhréireach leis an méid bád atá ceadaithe isteach, nó an méid éisc atá i gceist. Tá forbairt agus infheistiú san iascaireacht dhúchasach ríthábhachtach, mar aon le deireadh a chur leis an iascaireacht thionsclaíoch mhídhleathach. Tá córais rialaithe agus faireachais níos fearr ag teastáil chun iascairí dúchasacha agus beaga a chosaint, ar mhaithe le tionscadal inbhuanaithe, inmharthana a forbairt. Níl flíteanna iascaireachta seachtracha na hEorpa gan lucht, nó lán le suáilcí. Is léir nach bhfuil meas nó suim ag lucht na mbád mór seo in inbhuanaitheacht amach ó chósta na Libéire nó na Máratáine. Cuireadh earnáil iascaireachta na hÉireann, mar aon lenar stoic éisc faoi dhíobháil de dheasca shocruithe institiúideacha áirithe, cosúil leis an méid atá ag tarlú i dtríú tíortha. Agus mar sin, ba chóir dúinn a bheith ag cur bac ar na sár-thrálaeirí móra seo agus cosc a chur orthu san Eoraip agus san Aifric chomh maith."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph