Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2016-04-13-Speech-3-813-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20160413.49.3-813-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, bhuel ba mhaith liom tréaslú leis an rapóirtéir, an tUasal Tarand, as an obair ar fad atá sé tar éis a chur isteach sa tuarascáil seo. Gan dabht ba mhaith liom aird a tharrac ar an tosaíocht atá tugtha don Ghaolainn agus gabhaim buíochas le gach aon Fheisire anseo a thug agus atá ag tabhairt tacaíochta dó seo – tú féin san áireamh, a Uachtaráin.
Is páirt dár bhféiniúlacht í ár dteanga agus tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh an Ghaolainn ar comhchéim le gach teanga eile a labhraítear anseo. Mar sin, tá sé ag tabhairt teachtaireacht láidir do gach uile Éireannach eile, comh maith le tíortha eile, cé comh tábhachtach is atá ár bhféiniúlacht agus cé comh tábhachtach atá sé é sin a thabhairt in aitheantas anseo sa tigh seo.
Tréaslaím go mór leis an tuairim go mbeidh EUR 3.7 milliún á chur ar fáil le cúnamh Dé, agus mar sin tá mé ag glaoch ar an rialtas ag an mbaile tosnú ar an bpróiseas earcaíochta ionas go mbeidh na scileanna ann agus go mbeidh na seirbhísí ateangaireachta iomlána ar fáil anseo sa tigh seo. Mar sin, mar Fheisire Eorpach atá tar éis a bheith ag troid ar son chearta na teanga, táim ag súil go mór amach anseo go mbeidh sé ar fáil domsa go luath san áit seo."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples