Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2016-03-08-Speech-2-758-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20160308.31.2-758-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, tá buiséad bliantúil AE ag éirí dodhéanta. Gach mí bíonn ionadh orainn le ráiteas ón gCoimisiún agus gach mí cloisimid mar gheall ar ghealltanais nua, tosaíochtaí nua. Cuirtear ceist orainn ciorruithe a dhéanamh ar thosaíochtaí a bhí aontaithe cheana féin ar chláir riachtanacha. An bhfuil déine anois ag rialú an Choiste um Buiséid mar aon le Ballstáit? Níl dóthain airgid ann chun na cuspóirí polaitiúla a bhaint amach. Agus le dúshláin nua atá práinneach ag teacht isteach anois, táimid ag cur moill orthu agus fiú ag cur na dtosaíochta seo ar ceal. D’aontaíomar ar fad go raibh infheistíocht riachtanach le haghaidh fhás an gheilleagair mar aon le poist a chruthú go háirithe tar éis na géarchéime airgeadais i 2007. Tá MFF 2014-2020 laghdaithe le EUR 85 billiún cé go bhfuil cuid de na cláir tar éis leathnú agus dul i méid. Tá na blianta, ar ndóigh, ag sleamhnú agus fad is atá cuid againn plódaithe le déine, tá na Ballstáit shaibhre ag seoltóireacht ar bharrachas. Tá ár n-aos óg ag tógaint na rogha anois léim isteach san uisce nó léim ar eitleán, agus tá na tionscnaimh fostaíochta don ógra scriosta – an t-aon ábhar dóchais a bhí i ndán dóibh. An bréagchrábhadh atá ar bun ag an gCoimisiún agus an gComhairle ag rá go bhfuil ár n-aos óg ríthábhachtach agus iad ag an am ceánna ag gearradh a sciathán, tá sé scannalach. Tá ár dtionscal iascaireachta scriosta ar fad. Gan dabht ár slánaitheoir mór, an EFSI, ní féidir iontaoibh a bheith againn as. Is iad na hinfheisteoirí príobháideacha atá ag baint an tairbhe ar fad as seo ar chostas seirbhisí poiblí. Tá na hionstraimí airgeadais ‘ad hoc’ atá á gcruthú ag laghdú aon chomhtháthú ó acmhainn Bhuiséad AE, agus caithfimid athbhreithniú réadúil a dhéanamh ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph