Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2016-02-25-Speech-2-039-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20160225.5.2-039-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, cuirim fáilte roimh an tuarascáil seo ó Emily O’Reilly, an tOmbudsman, agus tréaslaím léi as an dea-obair atá idir lámha aici. Is léir go bhfuil sé fíorthábhachtach go bhfuil a leithéid d’oifig ag feidhmiú, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh cásanna faoi leith; abair an fiosrú a dhein sí faoin gComhbheartas Iascaigh le cinntiú go mbeadh sé trédhearcach agus go mbeadh fáil ar na doiciméid úd. Cé gur dhiúltaigh an Coimisiún rochtain iomlán a sholáthar, tá dualgas orthu anois a bheith go hiomlán trédhearcach. Tá an scéal céanna againn ar ndóigh maidir le TTIP, agus arís tá sé chomh tábhachtach go mbeadh an chumhacht ag an Ombudsman iachall a chuir ar na sainghrúpaí go bhfuil aon cheist ann faoi choinbhleacht leasa a bheith freagrach. Tá dualgas ar an gCoimisiún a bheith trédhearcach go dtí saoránaigh atá thar a bheith diúltach agus amhrasach le cúis mhaith maidir le TTIP. Gan amhras, ní fhéadfainn mar Éireannach gan tagairt don éacht a dhein Emily O’Reilly maidir le brú a chur ar an gCoimisiún i dtaobh an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus mar thoradh ar an mbrú sin go raibh orthu litir a thaispeáint don Rialtas Éireannach faoin ngéarchéim airgeadais ag tabhairt chun solais an chaimiléireacht a bhí ar bun ag an am. Níl ansin ach cúpla sampla den dea-obair atá ar bun agus tá a fhios agam go bhfuil i bhfad níos mó ná sin idir lámha aici. Mar sin, léiríonn sé go bhfuil oifig an Ombudsman ag feidhmiú mar is ceart agus ag dul ó neart go neart ar son shaoránaigh na hEorpa."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph