Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2016-02-24-Speech-1-349-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20160224.18.1-349-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, tugann Seachtain na Gaeilge deis dúinn ceiliúradh a dhéanamh ar ár dteanga, agus ar an tionchar dearfach atá ag an nGaolainn ar ár gcultúr agus ar ár bhféiniúlacht. Is ceart agus is cóir go mbeadh na Gaeil ar comhchéim le tíortha eile i dtaobh ár dteanga. Mar sin tá an-áthas orm fáilte a chuir roimh dhaltaí ó shé Ghaelscoil éagsúla chun cuairt a thabhairt ar Pharlaimint na hEorpa, agus úsáid a bhaint as a dteanga dhúchasach. Beidh deis ag na daltaí scoile a bheith mar Fheisirí Eorpacha ar feadh an lae, agus díospóireacht, idirbheartaíocht agus vótáil a dhéanamh le linn cluichí ról-imeartha trí mheán na Gaeilge. Is é seo an chéad uair sa Pharlaimint go mbeidh na daltaí ag glacadh páirt sna cluichí seo trí Ghaolainn, agus is mór an onóir domsa an chuairt seo a eagrú. Sa bhliain 2016, tá dualgas ar Ghaeilgeoirí agus ar phobal na Gaeilge an ghlúin nua a spreagadh agus a mhealladh i dtreo a dteanga agus a n-oidhreachta. Is maith an rud é an t-aos óg a chumhachtú le deiseanna a dteanga agus a n-oideachas a úsáid le féinmhuinín agus bród. Táimse, mar aon le foireann Shinn Féin ar fad, go hiomlán tiomanta do chur chun cinn na Gaolainne in Éirinn, agus cothrom na Féinne a bhaint amach di san Eoraip. Faoi láthair, níl riachtanais phobal na Gaeilge á sásamh sa bhaile nó san Eoraip. Níor cheart go mbeadh stádas den dara grád ag an nGaolainn, agus leanfadsa ag troid i gcoinne na hiarrachta í a choimeád ar ísealchéim."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph