Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2016-01-19-Speech-2-576-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20160119.24.2-576-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, arís thug mé tacaíocht don tuarascáil seo agus vótáil mé le mo ghrúpa sna vótaí go léir. Gan dabht ar bith is ábhar an-tábhachtach é seo agus tagann sé leis an dá ábhar a bhíomar a lua ó chianaibh, is é sin dífhostaíocht i measc an aosa óg agus fiontar agus gnó a chothú i measc na mban.
Gan dabht ar bith is iontach an seans é seo don Aontas. Is féidir linn a lán jabanna a chothú gan aon chaiteachas airgid phoiblí a bheith againn. Deirtear gur féidir linn EUR 415 billiún a chothú do gheilleagar na hEorpa má éiríonn linn é seo a dhéanamh i gceart. Agus sin í an cheist: an féidir linn é a dhéanamh i gceart? Chun é sin a dhéanamh i gceart, caithfimid páirc imeartha léibhéalta a chothú, na bacanna do lucht gnó a chaitheamh amach agus é a dhéanamh níos éasca do shaoránaigh earraí a dhíol agus a cheannach ar an idirlíon."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples