Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-12-14-Speech-1-235-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20151214.18.1-235-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, tá spéis agam san ábhar seo mar tagaim ó Éirinn iathghlas oileánach agus dar ndóigh tá a lán daoine thart ar an gcósta ag brath ar iascaireacht chun maireachtaint. Tá siad ag iascaireacht leis na cianta agus dar ndóigh deirtear liom go bhfuil a lán díobh thíos leis de bharr pholasaithe na hEorpa – n’fheadar an bhfuil sé sin fíor nó nach bhfuil sé fíor, ach is dócha go gcaithfear éisteacht leis an méid atá le rá acu.
Dá bhrí sin nuair atáimid ag déanamh leasú ar pholasaí na hEorpa maidir le hiascaireacht caithfimid éisteacht le guth na n-iascairí féin, go háirithe na hiascairí le báid bheaga agus mar sin de. Is dóigh liom go gceapann siad nach n-éisteann aon duine leo. Go háirithe, nuair a bhímid ag féachaint ar chuótaí agus mar sin de ba chóir dúinn féachaint ar shlí chun níos mó a thabhairt dóibh, bunaithe dar ndóigh ar eolaíocht ach ag an am gcéanna chun bheith féaráilte leo. Mar tá siad, mar a deirim, ag brath ar an ngairm bheatha seo agus tá an comhluadar go léir ag brath air chomh maith."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples