Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-11-26-Speech-4-293-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20151126.27.4-293-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, dar ndóigh vótáil mé i bhfabhar na tuarascála seo chomh maith, agus mar iarmhúinteoir mé féin tuigim chomh tábhachtach is atá oideachas. Dá lán daoine is é an t-aon seans atá acu éalú ó bhochtanas, a gcearta polaitiúla, sóisialta agus eacnamaíochta a chur i bhfeidhm, agus dar ndóigh jab a fháil sa saol.
Ach tá suas le billiún leanaí óga in áiteanna ina bhfuil cogadh, foréigean agus easaontas ar siúl agus níl an seans acu dul ar scoil agus caithfimid ár ndícheall a dhéanamh chun cabhrú leo, go háirithe chun go bhféadfaidh siad dul ar scoil agus go mbeadh na múinteoirí in ann iad a mhúineadh agus iad a chosaint. Agus caithfimid gach iarracht a dhéanamh chun é sin a chur i bhfeidhm sna tíortha seo.
Dar ndóigh tá straitéis 2020 againn, agus táimid ag cur béim ansin ar sheans a thabhairt do gach uile dhuine ní amháin dul go dtí an bhunscoil, ach an mheánscoil agus an scoil tríú leibhéal comh maith. Is sin mar ba chóir."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples