Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-10-28-Speech-3-1643-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20151028.41.3-1643-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, ós rud é gur mise na cainteoir deireanach anseo tá mé chun é a rá i mo theanga dhúchais féin mar baineann an t-ábhar seo le mo thír féin ach go háirithe. Tuigimid go léir cé chomh tábhachtach is atá fiontair bheaga agus mheánmhéide. Tá na figiúirí de ghlanmheabhair againn anois: dá bhféadfadh gach aon fhiontar beag agus meánmhéide oibrí amháin eile a fhostú thiocfadh deireadh le dífhostaíocht san Eoraip. Freisin, fostaíonn siad 90% dár n-oibrithe agus cabhraíonn siad le suas le 30% den GDP. Ach tá fadhbanna móra acu. Agus bhí siad go huafásach i rith an chúlaithe eacnamaíochta. Chonaic mé é sin, go háirithe i rith an toghcháin dheireanaigh agus mé ag dul ó shráid go sráid; bhí siopaí agus gnóthaí á ndúnadh de bharr easpa custaiméirí agus easpa airgid. Cé go bhfuil rudaí ag dul i bhfeabhas faoi láthair, tá an easpa airgid orthu go fóill. Níl na bainc ag tabhairt amach an t-airgead, mar tá a gcuid fadhbanna féin acu. Dá bhrí sin molaim agus fáiltím roimh na hionstraimintí nua atá á dtabhairt isteach ag an gCoimisiún, go háirithe an CMU, COSME agus mar sin de. Ach ní haon mhaitheas ionstraimintí nua a thabhairt isteach muna mbíonn na SMEs ar an eolas fúthu. Agus chonaic mé é sin go minic i mo thír féin. Dá bhrí sin, is maith an rud é ionstraimintí a bheith againn ach caithfimid na SMEs a chur ar an eolas fúthu chomh maith."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph