Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-09-08-Speech-2-774-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20150908.43.2-774-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, tá prionsabail agus pointí maithe sna tuarascálacha seo agus tá fiúntas ag gabháil leo. Tá sé thar a bheith tábhachtach go ndéanfaí forbairt agus infheistiú sa tionscal iascaireachta dúchasach, ach caithfear an ruaig a chuir ar an tionscal iascaireachta mídhleathach chun ár n-iascairí beaga dúchasacha a chosaint ionas gur féidir leo slí bheatha a bhaint amach. Ní féidir leis na hiascairí beaga seo dul in iomaíocht leis na trálaeir ollmhóra, mar shampla iad siúd a thagann ón Rúis nó ón Astráil nó ón tSín. Slogann siad suas tromlach cuibheasach de stoic éisc agus is fíorbheagán a fhágann siad do na hiascairí beaga úd atá ag streachailt. Ní hé go bhfuil na cabhlaigh thionsclaíocha ón Aontas Eorpach puinn níos fearr, caithfidh mé a rá. Caithfear moltaí a chur i bhfeidhm a chuirfidh cosc ar na cabhlaigh ollmhóra atá ag saothrú na stoc atá ag na tíortha atá i mbéal forbartha. Táim á rá seo mar go dtuigimid go maith an scéal in Éirinn agus an fhulaingt atá á iompar ag ár n-iascairí de dheasca an iomad solúbthachta a bheith ann maidir le trálaeir eachtrannacha a bhíonn ag iascaireacht go mídhleathach timpeall ár gcósta gan aon stró. Tá súil agam nach bhfeicfimid an rud céanna seo ag tarlú i Rinn Verde, agus i Madagascar agus gan dabht i nGuine Bissau."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph