Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-07-09-Speech-4-987-437"
| Predicate | Value (sorted: default) |
|---|---|
| rdf:type | |
| dcterms:Date | |
| dcterms:Is Part Of | |
| dcterms:Language | |
| lpv:document identification number |
"en.20150709.40.4-987-437"2
|
| lpv:hasSubsequent | |
| lpv:speaker | |
| lpv:spoken text |
"Chaith mé vóta i bhfabhar na tuarascála seo ar an ngeilleagar ciorclach agus táim sásta gur chaith tromlach na Parlaiminte vóta i bhfabhar chomh maith, go háirithe tar éis an chinnidh a ghlac an Coimisiún níos luaithe sa bhliain go ndéanfaí an togra maidir le dramhaíl a tharraingt siar. Is dócha go gcuirfidh an vóta dearfach seo brú ar an gCoimisiún togra uaillmhianach a chur chun tosaigh roimh dheireadh na bliana seo.
É sin ráite, b’fhearr liom targaid de 30% a fheiceáil i gcomhair úsáid acmhainní in AE in áit ceann sealadach. Ach seolann sé seo comhartha uaillmhianach chuig an gCoimisiún.
Ba chóir don Choimisiún anois an deis seo a úsáid chun moltaí na Parlaiminte a neartú agus reachtaíocht atá níos láidre ná na tograí a bhí acu ag an tús a chur chun tosaigh. Tá sé thar a bheith tábhachtach go gcuirimid deireadh láithreach le róthomhaltas ár n-acmhainní nádúrtha. Buntáiste a bheadh ann don timpeallacht cinnte, ach mar aon leis sin, cabhróidh sé le sábháil chostais ollmhór a dhéanamh agus cruthódh sé timpeall 2 mhilliún post faoi 2050."@en1
|
| lpv:spokenAs | |
| lpv:unclassifiedMetadata |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples