Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-07-09-Speech-4-649-500"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20150709.33.4-649-500"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"Chaith mé vóta i bhfabhar na tuarascála seo ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta. Leasaíonn an tuarascáil seo cúig threoir atá ann cheana féin a bhfuil baint acu le gnóthaí saothair agus atá dírithe ar íosleibhéal sábháilteachta a chur ar fáil d’oibrithe.
Sna cúig threoir sin, níl trácht ar bith ann faoi chosaint do mharaithe agus mar sin is í an aidhm atá leis an tuarascáil seo ná a chinntiú go bhfuil na cosaintí céanna ag maraithe agus atá ag na hoibrithe eile atá luaite sna treoracha.
Tugann na treoracha aghaidh ar na nithe seo a leanas: cosaint d’fhostaithe má éiríonn a bhfostóir dócmhainneach; cosaint a thabhairt do chearta fostaithe i gcás aistriú gnóthas; Comhairle Oibreacha Eorpach a bhunú; creat ginearálta a bhunú chun fostaithe a choinneáil ar an eolas agus comhairle a chur ar fáil dóibh; comhfhogasú de dhlíthe na mBallstát a bhaineann le comhiomarcaíochtaí.
Tá an togra ón gCoimisiún neartaithe agus feabhsaithe sa Choiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta dar leis an rapóirtéir atá ann faoi láthair – diúltaíodh dréacht-tuarascáil níos luaithe mar rinneadh iarracht inti gan na maraithe a chur san áireamh do na cosaintí seo.
Neartóidh an tuarascáil seo cosaintí do na maraithe agus mar sin bhí mé sásta tacaíocht a thabhairt di."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples