Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-07-09-Speech-4-1183-500"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20150709.46.4-1183-500"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"Bhí roinnt gnéithe dearfacha san athbhreithniú ar Bheartas Comharsanachta na hEorpa (BCE). Cuirtear béim ar an tábhacht a bhaineann le cearta na mban, le comhionannas inscne, le cearta an duine, le cearta LADT, le cearta na mionlach, le cearta daoine faoi mhíchumas srl i gcomhthéacs BCE. Ina theannta sin rinne an t-athbhreithniú tagairt d’Airteagal 2 den Chomhaontú Comhlachais a bhunaíonn na comhaontuithe seo ar mheas ar chearta an duine. Deir sé freisin nár chóir glacadh le polasaithe a téann i gcoinne na luachanna seo faoi BCE agus nach féidir le AE comhghéilleadh a dhéanamh orthu. Cuirim fáilte roimh na pointí seo. Ar an drochuair, feicimid go bhfuil caidreamh AE le hIosrael ag comhghéilleadh ar na luachanna seo sa tslí is go bhfuil ag teip orthu aon rud a dhéanamh faoin sárú leanúnach atá á dhéanamh ag Iosrael ar chearta an duine sa Phalaistín. Tá an t-athbhreithniú seo ag iarraidh neartú ar an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála. Iarrann sé ar Bhallstáit a n-iarrachtaí a ailíniú ionas go labhraítear le guth amháin ar shaincheisteanna atá bainteach leis na tíortha comharsanachta san Oirthear. Tá ceannasacht ar pholasaí eachtrach an-tábhachtach do mhuintir na hÉireann agus do Shinn Féin. Mar sin staon mé ón vótáil."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph