Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-07-09-Speech-4-096-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20150709.10.4-096-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, cuirim fáilte roimh an tuarascáil seo a dhéanann iarracht cothromaíocht agus cosaint a bhaint amach idir cearta na n-ealaíontóirí agus na gcruthaitheoirí. Tá cearta luach saothair cruthaitheoirí thar a bheith tábhachtach, ach caithfear iarracht a dhéanamh a chinntiú nach bhfuil an fearann poiblí teoranta.
I láthair na huaire cuireann an dlí cóipchirt teorainn le sreabhadh na maoine intleachtúla – ealaín, cultúr agus eolas – trasna na mBallstát. Anois is féidir linn iarracht a dhéanamh fáil réidh leis na srianta sin agus deimhneacht dhlíthiúl do tháirgeoirí agus úsáideoirí a chur ar fáil. Tá an Pharlaimint ag léiriú inniu gur chóir cearta na dtomhaltóirí agus an phobail a chur san áireamh in athchóiriú cóipchirt.
Ach ní mór dúinn a admháil chomh maith go gcaithfear na cearta ar luach saothair atá ag táirgeoirí maoine intleachtúla a chosaint le dlí. Ní mór cosaintí den sórt sin a chumhdach sa dlí ionas nach féidir luach saothair cothrom a sheachaint i gconarthaí. Ní chuirfidh an tuarascáil seo deireadh leis an díospóireacht, ach is céim thábhachtach í chun coimeád suas leis an athrú sa teicneolaíocht."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples