Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-07-07-Speech-2-600-750"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20150707.34.2-600-750"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"An sprioc atá leis an tuarascáil féintionscnaimh seo ná spreagadh a thabhairt don Choimisiún togra reachtach a chur chun tosaigh ag díriú ar athbhreithniú ar an scéim chúnaimh don earnáil torthaí agus glasraí.
Bhí cúpla rud fadhbach sa tuarascáil áfach, go háirithe Aithris AE., Mír 63 agus Mír 71, a chuir fáilte roimh an scéim bhainne agus torthaí do scoileanna agus an bholscaireacht a tháinig leis a dúirt go mbeidh sé buntáisteach don earnáil torthaí agus glasraí. Bhí mo comhghleacaí mar scáthrapóirtéir ar an tuarascáil seo agus chuir seisean béim ar an tslí nár chóir cistí AE a chaitheamh ar fhógraíocht bunaithe ar an mbaint atá ag AE leis an scéim ach ina áit sin gur cheart fógraíocht a dhéanamh ar chur chun cinn bia shláintiúil.
É sin ráite, bhí neart rudaí dearfacha ann; Mír 51 go háirithe, a d’iarr ar thíortha eile cloí le caighdeán AE maidir leis an timpeallacht, le gnéithe sóisialta, le sláinte, le sábháilteacht bia agus le leas ainmhithe má tá siad ag iarraidh easpórtáil a dhéanamh chuig AE.
Mar gheall ar na cúiseanna thuasluaite, staon mé ón vótáil."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples