Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-06-24-Speech-1-103-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20150624.19.1-103-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, aontaím agus aithním go bhfuil gá ann d’infheistíocht, ach caithfimid béim a chuir ar infheistíocht phoiblí. Ní hé sin atá sa phlean seo; a mhalairt atá i gceist. Ní théann sé fada a dhóthain agus ní sholáthraíonn sé aon infheistíocht don earnáil phoiblí.
An sprioc atá leis ná príobháidiú de réimsí tábhachtacha a neartú. Beidh tionchar damáisteach aige seo ar na daoine agus na tíortha is boichte inár sochaí. Ní chreidim go ndearnadh go leor iniúchta maidir leis an tionchar a bheas aige ar ghnáthshaoránaigh na hEorpa. Mar aon leis sin, samhlaím go mbeadh sé tábhachtach go mbeadh soiléireacht agus cuntasacht ag croílár an phlean seo – ach níl ar ndóigh. Creidim go gcaithfidh sé a bheith soiléir an tslí go ndéantar na cinntí agus ba chóir monatóireacht leanúnach a dhéanamh ar éifeacht na hinfheistíochta.
É sin ráite, is dócha gur céim dhearfach é go pointe go bhfuil cinneadh déanta gan an EUR 500 milliún a thógaint ón nuálaíocht agus taighde. Cuirim fáilte roimhe seo.
Chuireas féin chun tosaigh leasuithe maithe a chinnteoidh go mbeidh maoiniú agus infheistíocht ar fáil le haghaidh fiontair shóisialta agus comharchumainn. Agus tá siad sin, mar is eol dúinn ar fad, mar chroílár d’aon phobal; tá siad thar a bheith tábhachtach do gach geilleagar áitiúil. Impím ar gach duine tacú leis sin.
Ní hé go bhfuilimid i gcoinne infheistíochta; táimid ar fad i bhfabhar infheistíochta. Ach caithfimid féachaint ar an bplean seo mar go dtugann sé tosaíocht do phríobháidiú agus sin é an rud atáimid in aghaidh."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples