Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-06-11-Speech-4-156-500"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20150611.15.4-156-500"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"Caith mé vóta i gcoinne na tuarascála seo. Tá an tuarascáil seo ag lorg cur chuige níos míleata ó AE chun dul i ngleic le cúrsaí sa réigiún. Tá Sinn Féin tiomanta do neodracht na hÉireann agus mar sin chaitheamar vóta i gcoinne an-chuid gnéithe, go háirithe na cinn a bhí ag lorg láidriú ar an gcur chuige míleata. D’iarr an tuarascáil seo freisin ar an gCoimisiún tacaíocht a thabhairt do Bhallstáit agus iad ag déanamh iarracht réitigh a aimsiú chun an buiséad cosanta a ardú go 2%, agus cuirtear fáilte roimh an ngealltanas atá déanta ag comhaltaí NATO a chinntiú go gcaithfidh siad ar a laghad 2% den OTI ar chaiteachas cosanta roimh 2024. Ní cheapaim go bhfuil sé ceart nó cóir in aon chor níos mó airgid a chaitheamh ar chúrsaí míleata, go háirithe sa lá atá inniu ann leis an gcúlú eacnamaíochta agus an tionchar tubaisteach atá aige ar ghnáthdhaoine de bharr na ngearrthaí siar uafásacha sa bhuiséad. Creidim go gcuirfidh an cur chuige míleata a mholtar sa tuarascáil seo leis an teannas atá sa réigiún faoi láthair agus mar sin chaith mé vóta ina choinne."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph