Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-06-10-Speech-3-683-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20150610.35.3-683-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, ba chóir fáilte a chur roimh ghabháil oifigigh FIFA. Ní haon ionadh é ar ndóigh. Tá an eagraíocht thar a bheith éillitheach. I mo thír féin, nuair a theip ar Éirinn cáiliú don Chorn Domhanda bhí agóidí ar siúl agus tá sé tagtha chun cinn gur íoc FIFA EUR 5 mhilliún le Cumann Peile na hÉireann chun deireadh a chur leis na hagóidí sin. Cuireann ár ngrúpa fáilte roimh an gcomhthairiscint i gcomhair rúin a cháineann an chaimiléireacht atá i FIFA. Mar aon leis sin, táimid ag cur leasuithe tábhachtacha chun tosaigh agus iarraim oraibh tacaíocht a thabhairt dóibh siúd. Tá siad bainteach leis an tslí nach bhfuil aird ar bith tugtha ag FIFA ar na treascairtí ar chearta an duine d’oibrithe tógála imirceacha atá ag tógáil na staidiamaí ina mbeidh an Corn Domhanda á imirt i 2022. Deirtear go bhfuair 1 933 oibrí imirceach bás go dtí seo agus tuairiscítear go mbeidh 4 000 duine marbh faoin am a thosnaíonn an comórtas peile. Den chuid is mó is fir óga atá i gceist agus tá siad tar éis taom croí a fháil de bharr an teasa fhíochmhair a théann chomh hard le 50 céim, agus gan aon chosaint acu. Ní féidir leis na hoibrithe fágaint de bharr go bhfuil a gcuid pasanna tógtha ag na fostóirí. Rinne an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair cur síos ar chóras rialtas Chatar mar ‘obair éigeantais’. Is é seo an praghas tragóideach den chaimiléireacht i FIFA: sclábhaíocht san aois seo. Tuigim anois go bhfuil an próiseas ina roghnaíodh Catar sa chéad dul síos á fhiosrú ag na húdaráis Eilvéiseacha. Ní hamháin go bhfuil FIFA éillitheach, tá siad ag tabhairt tacaíochta don rialtas i gCatar agus don drochúsáid do chearta na n-oibrithe imirceacha. Ní féidir linn ligint dó seo leanúint ar aghaidh. Mar gheall ar an 2 000 duine atá imithe ar shlí na fírinne go dtí seo, níl aon rogha ann do FIFA ach vóta a chaitheamh arís i gcomhair Chorn Domhanda 2022."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph