Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-06-10-Speech-3-290-500"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20150610.23.3-290-500"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"Staon mé ón vóta deireanach den tuarascáil seo.
Aithníonn agus cáineann Sinn Féin na treascairtí ar chearta an duine atá a ndéanamh ag an Rúis, cosúil leis an leithcheal i gcoinne lucht LADT agus an phríosúnacht ar dhaoine atá i gcoinne réimeas Putin. Díríonn an tuarascáil seo áfach ar an ngéarchéim san Úcráin. Bhí, agus tá Sinn Féin soiléir ar ár dtuairimí maidir leis an gcoimhlint sa réigiún.
Eascraíonn sé ó chluiche geopholaitiúil idir an Rúis agus an tIarthar. Chuir an choimhlint seo an Úcráin faoi bhrú seasamh a ghlacadh ar thaobh amháin nó ar an taobh eile. Ba chóir don Rúis agus AE a bheith ag obair le chéile chun caidreamh eacnamaíochta, polaitiúil agus sóisialta atá comhthairbheach a chruthú leis an Úcráin. An rud atá againn anois ná réigiún atá i ngéarchéim de bharr leasanna straitéiseacha na Rúise agus AE.
Cé go n-aithníonn an tuarascáil seo an drochpháirt a d’imir an Rúis sa réigiún, déantar neamhaird iomlán den ról a d’imir AE i bhforbairt na coimhlinte. Ní dhéanann an tuarascáil maitheas don chaidreamh idir AE agus an Rúis don todhchaí. Tá gá ann do chomhphlé oscailte chun an teannas a laghdú – ní comhfhorrántacht."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples