Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-04-30-Speech-4-692-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20150430.40.4-692-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, ar dtús is dócha gur ceart dúinn aitheantas a thabhairt don Ailgéir as ucht an dul chun cinn atá déanta ag an tír sin agus as an bpáirt nach beag atá ag an Ailgéir maidir le síocháin agus cothromaíocht a bheith i dtuaisceart na hAfraice i gcoitinne. Maidir leis na hábhair a bhíonn os ár gcomhair anseo gach Déardaoin ó thaobh sceimhlitheoireachta agus foréigin de gach saghas, ar an scála óna haon go dtína deich, is dócha go bhfuil an t-ábhar seo ag bun an scála sin. Ach ag an am céanna, tá sé tábhachtach go bpléifimid é seo agus a chur in iúl d’údaráis na hAilgéire nach bhfuil sé ceart go mbeadh na póilíní, mar shampla, ag cur cosc ar an bpobal dul go dtí na cúirteanna go háirithe nuair atá siad ag tabhairt fianaise ar son daoine atá os comhair na gcúirteanna; ní féidir triail fhéaráilte a bheith ag daoine ansin. Níl sé ceart ach oiread go bhféadfaí duine a chaitheamh isteach i bpríosún ar feadh bliain amháin toisc gur ghlac sé páirt i mórshiúl síochánta. Is ceart, mar chairde, é sin a chur in iúl don Ailgéir agus brú a chur orthu cearta daonna bunúsacha a thabhairt do gach duine san Ailgéir."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph